32 Ach an té a bhfaighfear do dhéithe ina sheilbh, ní mhairfidh sé beo. Iniúch a bhfuil agam i láthair do bhráithre agus tóg aon ní is leat.” Ní raibh a fhios ag Iacób gur ghoid Ráchael iad.
33 Chuaigh Lábán dá bhrí sin isteach i mboth Iacóib agus i mboth Léá agus i mboth an bheirt ionailt, ach ní bhfuair sé iad. Tháinig sé amach as both Léá agus chuaigh sé isteach i mboth Ráchael.
34 Ach bhí na híola tógtha ag Ráchael agus curtha in úim an chamaill agus bhí sí ina suí orthu. D'iniúch Lábán a raibh sa bhoth ach gan aon ní a fháil.
35 Ansin dúirt [Ráchael] lena hathair: “Ná bíodh fearg ar mo thiarna mar nach dtig liom éirí i do láthair, mar táim dála na mban anois agus arís.” Chuardaigh sé dá bhrí sin ach ní bhfuair sé na híola.
36 Tháinig fearg ar Iacób ansin agus thug sé scalladh teanga do Lábán: dúirt Iacób le Lábán: “Cén choir nó cén peaca a rinne mé go bhfuil tú sa tóir orm chomh dian sin?
37 Níor fhág tú aon ní de m'aistrithe gan a chuardach; an bhfuair tú aon ní a bhaineann le do theach féin? Cuir anseo é más ea os comhair mo bhráithrese agus do bhráithrese i dtreo go dtabharfaidís breith eadrainn araon.
38 Tá fiche bliain caite agam farat; níor chaill do chaoirigh a n‑uain ná do ghabhair a meannáin i gcaitheamh an ama sin, ná níor ith mé aon cheann de reithí do thréada.