4 Chuir Iacób dá bhrí sin fios ar Ráchael agus ar Léá chun na mbánta mar a raibh a thréada
5 agus dúirt sé leo: “Is léir dom nach bhfuil gnaoi bhur n‑athar orm feasta faoi mar a bhíodh, ach bhí Dia m'athar faram.
6 Tá a fhios agaibhse go bhfuil seirbhís déanta agam do bhur n‑athair le barr mo nirt.
7 Ach rinne bhur n‑athair calaois orm agus d'athraigh mo thuarastal deich n‑uaire; ach níor lig Dia dó dochar a déanamh dom.
8 Cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhreaca agat mar thuarastal,’ is óga breaca a bheireadh an tréad go léir; agus cibé uair a deireadh sé: ‘Bíodh na cinn bhallacha agat mar thuarastal,’ is óga ballacha a bheireadh an tréad go léir.
9 Ar an gcaoi sin bhain Dia a stoc de bhur n‑athair agus thug domsa iad.
10 Tharla i séasúr na cúplála gur ardaigh mé mo shúile i dtaibhreamh a bhí á dhéanamh dom agus go bhfaca mé gur fireannaigh bhreaca, bhallacha agus riabhacha a bhí ag reitheadh na mbaineannach.