43 Ansin d'fhreagair Lábán: “Na hiníonacha seo,” ar sé, le Iacób, “is iníonacha liomsa iad; agus an chlann, is clann liomsa iad; agus na tréada, is tréada liomsa iad; agus gach a bhfeiceann tú, is liomsa iad. Ach cad a d'fhéadfainn a dhéanamh inniu le m'iníonacha nó leis an gclann a d'iompar siad?
44 Téanam anois agus déanaimis conradh, mise agus tusa; agus bíodh sé ina fhinné idir mé agus tú.”
45 Thóg Iacób cloch agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin.
46 Dúirt Iacób lena bhráithre: “Cruinnigí clocha,” agus chruinníodar roinnt cloch agus rinneadar carn. D'itheadar béile ansiúd ar an gcarn.
47 Thug Lábán Iagar Sáhadútá (Carn na bhFinnéithe) air ach thug Iacób Galaed (Carn na Fianaise).
48 Dúirt Lábán: “Bíodh an carn seo ina fhinné idir mé agus tú inniu.” Uime sin a thug sé Galaed air,
49 agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.