49 agus [ar an ngallán] Miozpá (Láthair Faire), mar a dúirt sé: “Bíodh an Tiarna ina fhear faire eadrainn nuair a scarfaimid ó radharc a chéile.
50 Má dhéanann tú leatrom ar m'iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m'iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”
51 Dúirt Lábán le Iacób: “Sin é an carn agus sin é an gallán a chuir mé eadrainn.
52 Is finné é an carn agus is finné é an gallán, nach rachaidh mise thar an gcarn seo i d'aghaidh-sé agus nach rachaidh tusa thar an gcarn seo ná an gallán seo i m'aghaidhse.
53 Go raibh Dia Abrahám agus dia Náchór (dia a n‑aithreacha) ina bhreitheamh eadrainn.” Ansin mhionnaigh Iacób dar Ghaol a athar Íosác,
54 agus d'ofráil Iacób íobairt ar an sliabh agus ghlaoigh ar a bhráithre chun an bhéile. D'itheadar an béile agus chaitheadar an oíche go léir ar an sliabh.
55 D'éirigh Lábán go moch ar maidin lá arna mhárach agus thug póg dá gharchlann agus dá iníonacha agus chuir a bheannacht orthu; ansin chuir sé chun bóthair abhaile.