13 Ansin d'fhan Iacób thar oíche san áit sin agus roghnaigh sé bronntanas dá dheartháir as a raibh aige -
14 dhá chéad minseach agus fiche pocán, dhá chéad caora agus fiche reithe,
15 tríocha camall bleacht agus a mbromaigh, daichead bó agus deich dtarbh, fiche asal baineann agus deich stail.
16 Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: “Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.”
17 Thug sé ordú don chéad duine: “Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: ‘Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?’
18 is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ”
19 Thug sé an t‑ordú céanna don dara duine agus don tríú agus do chách a bhí i ndiaidh na dtréad: “Sin é atá le rá agaibh nuair a chasfar Éasau oraibh,” ar sé.