22 D'éirigh Iacób an oíche sin féin agus thug leis a bheirt bhan, a bheirt ionailt, a leanbh is deichniúr agus ghabh thar áth an Iaboc.
23 Rug sé orthu agus sheol sé thar abhainn anonn iad agus sheol sé a mhaoin go léir anonn chomh maith.
24 Agus fágadh Iacób ina aonar; agus bhí fear ag iomrascáil leis go breacadh an lae.
25 Nuair a chonaic an fear go raibh ag dul de é a chloí, bhuail sé buille ar Iacób i log a chromáin agus cuireadh cromán Iacób as alt san iomrascáil leis.
26 “Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
27 D'fhiafraigh sé ansin: “Cad is ainm duit?” “Iacób,” ar sé.
28 “Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”