25 Nuair a chonaic an fear go raibh ag dul de é a chloí, bhuail sé buille ar Iacób i log a chromáin agus cuireadh cromán Iacób as alt san iomrascáil leis.
26 “Scaoil liom,” ar sé, “mar tá an lá ag breacadh.” “Ní scaoilfidh mé,” arsa Iacób á fhreagairt, “mura gcuirfidh tú do bheannacht orm.”
27 D'fhiafraigh sé ansin: “Cad is ainm duit?” “Iacób,” ar sé.
28 “Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”
29 Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.
30 Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.”
31 D'éirigh an ghrian air agus é ag dul thar Panúéil agus coiscéim bhacaí ann de bharr a chromáin.