28 “Ní Iacób a bheidh ort feasta,” ar sé, “ach Iosrael, óir mar a bhí tú tréan in aghaidh Dé, beidh an lámh láidir agat ar dhaoine.”
29 Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.
30 Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.”
31 D'éirigh an ghrian air agus é ag dul thar Panúéil agus coiscéim bhacaí ann de bharr a chromáin.
32 Uime sin go dtí an lá inniu féin ní itheann na hIosraelaigh féithleog an chromáin atá i log na ceathrún mar gur bhuail sé buille ar Iacób i log a cheathrún i bhfeithleog an chromáin.