3 Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,
4 á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,
5 agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.’ ”
6 D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”
7 Bhuail eagla agus corrabhuais mhór Iacób agus roinn sé an mhuintir a bhí fairis agus a thréada agus a tháinte agus a chamaill ina dhá mbaicle
8 á rá: “Má thagann Éasau ar bhaicle acu agus iad a scrios, tiocfaidh an bhaicle eile, a fhágfar, slán.”
9 Dúirt Iacób: “A Dhia m'athar Abrahám, agus a Dhia m'athar Íosác, a Thiarna a dúirt liom: ‘Fill ar do thír féin agus ar do ghaolta, agus cuirfidh mé conách ort,’