1 Díneá, an iníon a rug Léá do Iacób, ghabh sí amach ar thuairisc mhná na dúiche sin.
2 Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.
3 Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.
4 Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.”
5 Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar.
6 Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób.