11 Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: “Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh.
12 Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.”
13 Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá.
14 “Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,” ar siad leo, “ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d'fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é.
15 Réiteoimid libh ar aon choinníoll amháin - sibh a theacht ar aon dul linne agus gach fireannach agaibh a thimpeallghearradh.
16 Ansin tabharfaimid ar n‑iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n‑iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon.
17 Ach mura n‑éisteann sibh linn, agus timpeallghearradh a ghlacadh, ansin tógfaimid ár n‑iníon agus imeoimid linn.”