19 Ní dhearna an t‑ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d'iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é.
20 Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach:
21 “Tá na fir seo muinteartha linn,” ar siad, “cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n‑iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n‑iníonacha doibhsean.
22 Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin.
23 A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?”
24 Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach.
25 Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir.