22 Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin.
23 A stoc, a maoin, agus a n‑eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?”
24 Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach.
25 Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir.
26 Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d'imíodar leo.
27 Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr.
28 Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n‑asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath.