3 Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.
4 Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.”
5 Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar.
6 Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób.
7 Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi.
8 “Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n‑iníne,” arsa Hamór leo, “lig dó í a phósadh, impím oraibh.
9 Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n‑iníonacha, agus tógaigí ár n‑iníonacha chugaibh féin.