6 Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób.
7 Clann mhac Iacóib, nuair a d'fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi.
8 “Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n‑iníne,” arsa Hamór leo, “lig dó í a phósadh, impím oraibh.
9 Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n‑iníonacha, agus tógaigí ár n‑iníonacha chugaibh féin.
10 Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.”
11 Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: “Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh.
12 Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.”