14 Chuir Iacób gallán cuimhneacháin ina sheasamh san áit inar labhair sé leis, gallán cloiche. Thoirbhir sé deoch ofrála air agus dhoirt sé ola air.
15 Thug Iacób dá réir sin Béitéil ar an áit inar labhair Dia leis.
16 D'fhágadar Béitéil agus nuair a bhíodar tamall fós ó Eafrát, tháinig ionú Ráchael, agus bhí pianta diana linbh uirthi.
17 Agus sna híona crua di dúirt an bhean ghlún léi: “Ná bíodh eagla ort, mar tá mac eile anseo agat.”
18 Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.
19 Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.
20 Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.