2 Dúirt Iacób lena theaghlach agus le cách a bhí ina theannta: “Cuirigí uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus déanaigí sibh féin a íonghlanadh agus cuirigí malairt éadaigh oraibh féin.
3 Éirimis ansin agus téimis suas go Béitéil chun go dtógfainn altóir ann do Dhia, an té a d'éist liom nuair a bhíos i gcruachás agus a bhí faram i ngach treo dár ghabh mé.”
4 Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
5 Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib.
6 Tháinig Iacób go Lúz - Béitéil is é sin - i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.
7 Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8 Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.