4 Thugadar na déithe bréige go léir a bhí acu do Iacób, agus na fáinní óir a bhí ina gcluasa. Chuir Iacób i dtalamh iad faoin gcrann darach láimh le Seicim.
5 Chuireadar chun bóthair agus bhuail scéin ó Dhia na cathracha go léir máguaird i dtreo nach ndeachadar sa tóir ar chlann Iacóib.
6 Tháinig Iacób go Lúz - Béitéil is é sin - i dtír Chanán, é féin agus an mhuintir go léir a bhí fairis.
7 Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8 Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9 Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.
10 Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.