7 Thug sé altóir ansiúd agus thug sé Éil Béitéil ar an áit mar gur ansiúd a thaispeáin Dia é féin dó agus é ar teitheadh óna dheartháir.
8 Agus fuair Deaborá buime Ribeacá bás, agus adhlacadh í laistíos de Bhéitéil faoi chrann darach; thugadar Dair na nDeor dá bhrí sin ar an áit sin.
9 Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.
10 Dúirt Dia leis: “Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.” Thugadar Iosrael mar ainm air dá réir sin.
11 Agus dúirt Dia leis: “Is mé Dia Uilechumhachtach; bíodh rath ort agus go dté tú i líonmhaire. Síolróidh cine, sea agus ciníocha, uait. Áireofar fiú ríthe ar do shliocht.
12 An talamh seo a thug mé d'Abrahám agus d'Íosác, tugaim duit é; agus tabharfaidh mé an talamh seo do do shliocht i do dhiaidh.”
13 Ansin d'imigh Dia uaidh suas.