10 Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau.
11 Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz.
12 Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau.
13 Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau.
14 Seo iad clann mhac Oholabámá, iníon Aná, mac Zibeon: rug sí dó Ieúis, Ialám agus Corach.
15 Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz,
16 an taoiseach Corach, an taoiseach Gatám, an taoiseach Amailéic. Iadsan taoisigh Eilífeaz i dtír Eadóm; iadsan mic Ádá.