17 Seo iad clann mhac Reúél, mac Éasau: an taoiseach Nachat, an taoiseach Zarach, an taoiseach Seamá, an taoiseach Mizeá; iadsan taoisigh Reúél i dtír Eadóm; iadsan mic Bhásamat, bean Éasau.
18 Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau.
19 Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm.
20 Seo síos sliocht Shaeír an Hórach, dúchasaigh na tíre: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná,
21 Diseon, Éisir, agus Diseán; iadsan taoisigh na Hórach clann Shaeír i dtír Eadóm.
22 Ba iad Hoirí agus Héamám clann Lótán, agus ba í Timneá deirfiúr Lótán.
23 Seo iad clann Seobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seafó agus Ónám.