2 Phós Éasau mná de chuid Chanán: Ádá iníon Éalón an Hiteach, agus Oholabámá iníon Aná, mac Zibeon an Hórach,
3 agus Básamat iníon Ísmeáél, deirfiúr Nabáiót.
4 Rug Ádá Eilífeaz d'Éasau, agus rug Básamat Reúél.
5 Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán.
6 Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d'imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób.
7 Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad.
8 Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.