30 an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír.
31 Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim.
32 Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
33 D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.
34 D'éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.
35 D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.
36 D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.