32 Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair.
33 D'éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh.
34 D'éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh.
35 D'éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair.
36 D'éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh.
37 D'éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh.
38 D'éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh.