1 Mhair Iacób sa tír inar chuir a athair faoi, i dtír Chanán.
2 Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d'aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n‑athair.
3 Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó.
4 Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n‑athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.