11 Bhí a dheartháireacha in éad leis, ach rinne a athair a mhachnamh ar an scéal.
12 D'imigh a dheartháireacha chun tréad a n‑athar a chur ar féarach in aice le Seicim.
13 Dúirt Iosrael le Iósaef: “Nach bhfuil do dheartháireacha ag aoireacht an tréada i Seicim? Téanam anois agus seolfaidh mé chucu thú.” “Teacht,” ar sé leis.
14 “Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.
15 Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d'fhiafraigh an fear de: “Cad tá tú a lorg?”
16 “Táim ar lorg mo dhearthaireacha,” ar sé. “Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.”
17 “Tá siad imithe leo,” arsa an fear, “mar chuala mé iad á rá: ‘Téimis go Dotán.’ ” D'imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.