14 “Imigh leat anois,” ar sé leis, “agus féach conas tá ag do dheartháireacha agus ag an tréad agus tabhair scéala ar ais chugam.” Sheol sé uaidh é ó ghleann Heabrón agus tháinig sé go Seicim.
15 Bhuail fear leis agus é ar seachrán sna bánta agus d'fhiafraigh an fear de: “Cad tá tú a lorg?”
16 “Táim ar lorg mo dhearthaireacha,” ar sé. “Inis dom, le do thoil, cá bhfuil siad ag aoireacht a dtréada.”
17 “Tá siad imithe leo,” arsa an fear, “mar chuala mé iad á rá: ‘Téimis go Dotán.’ ” D'imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.
18 Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.
19 “Seo chugainn,” a dúradar le chéile, “fear na dtaibhreamh.
20 Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.”