18 Chonaiceadar i bhfad uathu é agus sula dtáinig sé ina gcóngar rinneadar cogar ceilge é a mharú.
19 “Seo chugainn,” a dúradar le chéile, “fear na dtaibhreamh.
20 Téanaigí, maraímis é agus caithimis i bpoll éigin é; déarfaimid gur alp ainmhí allta é, agus feicfimid cad a tharlóidh dá chuid taibhreamh.”
21 Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: “Ná maraímis é.
22 Ná doirtigí aon bhraon fola,” arsa Reúbaen leo; “caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air” - mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.
23 Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,
24 agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.