21 Chuala Reúbaen an chaint sin agus shaor sé é óna lámha á rá: “Ná maraímis é.
22 Ná doirtigí aon bhraon fola,” arsa Reúbaen leo; “caithigí isteach sa pholl seo san fhásach é, ach ná himrígí lámh dhearg air” - mar sin is ea a labhair sé agus é ar intinn aige é a shaoradh óna lamha agus a thabhairt ar ais dá athair.
23 Nuair a tháinig Iósaef i láthair a dheartháireacha dá bhrí sin, bhaineadar a chóta de, an cóta leis na muinchillí fada a bhí á chaitheamh aige,
24 agus rugadar air agus chaitheadar i bpoll é. Bhí an poll folamh gan aon uisce ann.
25 Ansin shuíodar síos chun bia.Thógadar a súile agus chonaiceadar buíon Ísméileach ag teacht ó Ghileád lena gcamaill agus iad faoi ualach guma agus tragacant, agus balsaim agus roisín a bhí á thabhairt síos chun na hÉigipte acu.
26 Ansin dúirt Iúdá lena dheartháireacha: “Cén tairbhe dúinn ár ndeartháir a mharú agus a chuid fola a fholach?
27 Téanam díolaimis leis na hÍsméiligh é, ach ná leagaimis lámh air. Is é ár ndeartháir é, ár bhfeoil féin.” Agus ghéill a dheartháireacha dó.