4 Nuair a chonaic a dheartháireacha gur mhó an cion a bhí ag a n‑athair air ná ar aon duine eile dá chlann, thugadar fuath dó agus ní fhéadfaidís oiread is focal muinteartha a labhairt leis.
5 Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d'inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.
6 “Éistigí,” ar sé, “leis an taibhreamh a rinneadh dom.
7 Sea, bhíomar ag ceangal punann sa ghort. Agus an phunann seo agamsa, d'éirigh sí ina seasamh díreach; agus na punanna seo agaibhse, chruinníodar timpeall agus shléachtadar do mo phunannsa.”
8 Dúirt a dheartháireacha leis: “An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?” Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.
9 Rinneadh taibhreamh eile dó agus d'inis sé dá dheartháireacha é: “Féach! bhí taibhreamh eile agam,” ar sé. “Ba shiúd iad an ghrian agus an ghealach agus aon réalta dhéag ag sléachtadh dom.”
10 D'inis sé dá athair agus dá dheartháireacha é agus thug a athair scalladh dó: “Cad é mar thaibhreamh a taibhríodh duit!” ar sé, “an amhlaidh a bheidh mise agus do mháthair agus do dheartháireacha ag teacht agus ag sléachtadh go talamh duit?”