12 Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.
13 Fuair Támár scéala: “Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,”
14 agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean.
15 Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici.
16 Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: “Téanam agus luigh liom.” Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. “Cad a thabharfaidh tú dom,” ar sí, “ar son céileachas a dhéanamh liom?”
17 “Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,” ar sé. “Tá go maith,” ar sí, “ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.”
18 “Cén geall a fhágfaidh mé agat?” ar sé. “Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,” ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh.