17 “Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,” ar sé. “Tá go maith,” ar sí, “ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.”
18 “Cén geall a fhágfaidh mé agat?” ar sé. “Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,” ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh.
19 Ansin d'éirigh sí, d'imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís.
20 Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í.
21 D'fhiafraigh sé de mhuintir na háite: “Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?” D'fhreagraíodar: “Ní raibh aon striapach ansiúd.”
22 D'fhill sé ar Iúdá agus dúirt: “Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.”
23 “Bíodh aici mar sin,” arsa Iúdá, “chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.”