2 Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi.
3 Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air.
4 Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air.
5 Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb.
6 Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar.
7 Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é.
8 Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: “Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.”