20 Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í.
21 D'fhiafraigh sé de mhuintir na háite: “Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?” D'fhreagraíodar: “Ní raibh aon striapach ansiúd.”
22 D'fhill sé ar Iúdá agus dúirt: “Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.”
23 “Bíodh aici mar sin,” arsa Iúdá, “chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.”
24 Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”
25 Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: “An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.” Agus dúirt sí: “Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?”
26 D'aithin Iúdá iad agus a dúirt: “Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.” Agus níor luigh sé léi níos mó.