25 Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: “An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.” Agus dúirt sí: “Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?”
26 D'aithin Iúdá iad agus a dúirt: “Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.” Agus níor luigh sé léi níos mó.
27 Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn.
28 Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: “É seo is túisce a tháinig amach.”
29 Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: “Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!” Tugadh Bearna air dá bhrí sin.
30 Tháinig a dheartháir amach ansin ina dhiaidh agus snáithín craorag ar a láimh agus tugadh Zearach air.