9 Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir.
10 Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna.
11 Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: “Fill abhaile ar d'athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá” - mar is é a bhí ina aigne aige: “Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.” D'imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.
12 Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois.
13 Fuair Támár scéala: “Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,”
14 agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean.
15 Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici.