1 Luigh Ádhamh lena bhean Éabha agus ghabh sí gin agus rug mac, Cáin. “Fuaireas mac,” ar sí, “le cúnamh an Tiarna.”
2 Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.
3 Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna,
4 agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt
5 ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin.