16 Ansin d'imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin.
17 Luigh Cáin lena bhean agus ghabh sí gin, agus rug sí Eineoc. Thóg sé cathair agus thug sé ainm a mhic Eineoc ar an gcathair.
18 Bhí Íorád mar mhac ag Eineoc, agus ag Íorád bhí Machúael mar mhac; ghin Machúael Matúisiael, agus ghin Matúisiael Láimic.
19 Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.
20 Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.
21 Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.
22 Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.