19 Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.
20 Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.
21 Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.
22 Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.
23 Dúirt Láimic lena mhná:“A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór!A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil!Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadhagus ógánach de bharr mé a bhualadh.
24 Déantar Cáin a dhíolt faoi sheacht,ach Láimic faoi sheacht seachtód.”
25 Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, “Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.”