2 Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.
3 Faoi chionn tamaill thug Cáin cuid de thorthaí na talún mar íobairt don Tiarna,
4 agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt
5 ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin.
6 Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: “Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil fearg ort agus púic?
7 Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”
8 “Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.