20 Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.
21 Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.
22 Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.
23 Dúirt Láimic lena mhná:“A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór!A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil!Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadhagus ógánach de bharr mé a bhualadh.
24 Déantar Cáin a dhíolt faoi sheacht,ach Láimic faoi sheacht seachtód.”
25 Luigh Ádhamh lena bhean arís, agus rug sí mac ar ar thug sé Séat, mar, a dúirt sí, “Bhronn Dia leanbh eile orm in áit Áibil mar gur mharaigh Cáin é.”
26 Rugadh mac do Shéat agus thug sé Eanóis mar ainm air. Eisean an chéad duine a ghlaoigh ar ainm an Tiarna.