4 agus thug Áibil mar an gcéanna cuid de chéadghinte a thréada agus dá saill. D'fhéach an Tiarna le fabhar ar Áibil agus ar a íobairt
5 ach níor fhéach sé le fabhar ar Cháin ná ar a íobairtsean. Líon Cáin le fearg agus chuir púic air féin.
6 Chuir an Tiarna ceist ar Cháin: “Cén fáth,” ar sé, “a bhfuil fearg ort agus púic?
7 Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”
8 “Téanam amach,” arsa Cáin le hÁibil a dheartháir. Fad bhí siad amuigh, d'iompaigh Cáin ar Áibil a dheartháir agus mharaigh sé é.
9 Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: “Cá bhfuil Áibil do dheartháir?” “Níl a fhios agam,” ar sé. “An mise coimeádaí mo dhearthár?”
10 “Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.