9 Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: “Cá bhfuil Áibil do dheartháir?” “Níl a fhios agam,” ar sé. “An mise coimeádaí mo dhearthár?”
10 “Cad tá déanta agat?” arsa an Tiarna. “Tá guth fhuil do dhearthár ag glaoch orm as an talamh.
11 Beidh mallacht ort feasta agus tú ar díbirt ón talamh seo a d'oscail a bhéal agus a ghlac fuil do dhearthár ó do láimh.
12 Nuair a shaothróidh tú an talamh ní thabharfaidh sé feasta dá dhícheall duit. Beidh tú i do theifeach agus i d'fhánaí ar talamh.”
13 Dúirt Cáin leis an Tiarna: “Tá mo phionós thar mo chumas iompair.
14 Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”
15 “Cibé más ea,” arsa an Tiarna leis, “a mharóidh Cáin, déanfar é a dhíolt air faoi sheacht.” Agus chuir an Tiarna marc ar Cháin ionas nach maródh aon duine a thiocfadh air é.