1 Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte.
2 Bhí fearg ar Fhorann lena bheirt oifigeach, an príomhchornaire agus an príomhbháicéir.
3 Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas.
4 Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann.