16 Nuair a chonaic an príomhbháicéir a fhabhraí a bhí an chiall úd, dúirt sé le Iósaef: “Bhí taibhreamh agamsa mar an gceanna: bhí trí ciseáin aráin ar mo cheann;
17 sa chiseán uachtair bhí gach sórt sólaist bruite a thaitin le Forann, ach bhí éanlaith an aeir á n‑alpadh as an gciseán a bhí ar mo cheann.”
18 D'fhreagair Iósaef: “Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin.
19 Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.”
20 Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
21 Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn;
22 chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh.