18 D'fhreagair Iósaef: “Is é seo an chiall atá leis: Trí lá na trí ciseáin.
19 Faoi chionn trí lá tabharfaidh Forann cead do chinn gan cheann duit, agus crochfaidh sé ar chrann thú agus íosfaidh an éanlaith do chuid feola de do chnámha.”
20 Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
21 Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn;
22 chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh.
23 Ach an príomhchornaire, níor chuimhnigh sé ar Iósaef, ach rinne dearmad air.