6 Nuair a tháinig Iósaef chucu ar maidin chonaic sé go rabhadar gruama,
7 agus chuir sé ceist ar an dá oifigeach a bhí fairis i ngéibheann i dteach a mháistir: “Cén fáth an ghruaim seo oraibh inniu?”
8 “Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”
9 D'inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair.
10 Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí.
11 Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d'fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.”
12 Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga.