9 D'inis an príomhchornaire a thaibhreamh do Iósaef: “Ag taibhreamh dom,” ar sé, “chonaic mé fíniúin os mo chomhair.
10 Bhí trí géaga ar an bhfíniúin; a luaithe a sceith sí bhí sí faoi bhláth agus rinne caora aibí dá crobhaingí.
11 Bhí corn Fhorainn i mo láimh. Stoith mé na fíniúna agus d'fháisc mé an súlach astu isteach i gcorn Fhorainn.”
12 Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga.
13 Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige.
14 Ach cuimhnigh ormsa nuair a bheidh an scéal go maith agat agus cuir de chomaoin orm le do thoil, mé a lua le Forann d'fhonn mé a scaoileadh amach as an teach seo.
15 Óir fuadaíodh mé an chéad lá ó thír na nEabhrach, agus ní dhearna mé aon ní as an tslí anseo ach chomh beag a thuillfeadh carcair dom.”