1 Dhá bhliain shlána ina dhiaidh sin, rinneadh taibhreamh d'Fhorann. Bhí sé ina sheasamh ag an Níl.
2 Seo aníos chuige ón Níl seacht mba slíoctha méithe, agus chromadar ar iníor i measc na luachra.
3 Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.
4 D'ith na ba gránna loma na seacht mba slíoctha méithe. Dhúisigh Forann ansin.
5 Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.
6 Agus seo aníos ina ndiaidh seacht ndiasa caola seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir agus