10 Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda.
11 Rinneadh taibhreamh an oíche chéanna dúinn araon, domsa agus dósan, agus bhí a chiall féin do gach duine ina thaibhreamh féin.
12 Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D'insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d'inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.
13 Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.”
14 Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
15 Dúirt Forann le Iósaef: “Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d'fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.”
16 D'fhreagair Iósaef Forann: “Níl sin ionam. Is é Dia a thabharfaidh freagra fabhrach ar Fhorann.”